Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)glaodhtaí "Seán na nGiobal" air. Bhailígheadh sé gach aon seana-cheirt chuin (?) mála mór a bhí aige a líonadh. Ba ghnáthach leis teacht tímcheall le faobhar na h-oidhche ag lorg lóistín.Nuair a thagadh bacaig chun an doruis chuireadh bean a tíghe fáilte rómpa agus thugadh sí suipéar dóíbh. Núair a bhíodh an suipéar caitte aca, shuídidís cois na teine agus thosnuighidís ag innsint scéalta. Ba bhreágh leat bheith ag éisteacht leó ag cur síos ar na h-oidhcheata fúara a chaitheadar amuigh lé h-ais na gclathacha agus na h-eachtraí a bhain dóibh. Bhíodh leas-ainm fé leith ar gach éinne aca. Seo cuid des na bacaig a thagad roinnt blíanta ó shoin:-Fear na Mhála MhóirFear ab eadh é seo go mbíódh mála mór trom ar a dhrom i gcomnaí aige. Bhíodh sé ag chur búartha i gcómnaídhe ar bhuácaillí na h-áite toisc ná raibh fhios aca cad a bhí sa mhála aige. Sa deire, fúair fear maith éigin caoí ar an mála a oscailt agus sé an rud a bhí ann ná ceirteacha, móin, bluíreacha íarainn agus clocha.Bhí fear eile leis go dtugtaí "Fear na bPaistí" air. Bhíodh casóg mór fada air, agus é lán do phaistí. Oidhche amháin, scaoíl búachaill ceann dos na paistí faid a bhí fear na bpaistí na chodhladh, agus cad a thuit amach as ach cúpla píosa airgid. Scaoíl sé ceann eile agus thuit leat-giní amach. Ach chúalaid Fear na bPaistí an t-airgead ag glóraíl agus an gáirí ag an dream sa chistin. Annsan chuimnuig sé nár thug sé leis an seomra an casóg mór ar aon chor. Deirig sé aníar as an leabaidh, chuir air a chuid eadaig, agus seo leis chucha súas. Bhíodar díreach ag cuir na bpaistí ar an gcasóig arís, agus bheir sé i gceart ortha. Bhí níall buile air. Rug sé ar an gcasóig agus chuir sé de amach an doras. Ní fheacathas annso tímcheall ó shoin é. Bhíodh fear eile tímcheall go dtugtaí Fear na gCroiseanna air. Bhíodh crosanna ag sileadh leis, agus bhíodh sé i gcómhnuidhe á bpógadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín De Lonndra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Boilg, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris De Lonndra
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Cathair Boilg, Co. Chiarraí