Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 044](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_044.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 044
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dó - sean chailleach go raibh draoidheacht uirthe. Bhí beirt mhac Domhnall lá ag priocadh báirnigh ar an bhfaill nuair do sciob tonn faiirge de'n gcarraig iad.
Bhí Domhnall ag faire ortha agus nuair a chonnaic sé an contabhairt i n-a rabhadar chuaidh sé dá fóirithin. Bhíodar á dtabhairt an fhaill aníos aige nuair a chonnaic a namhaid - an t-Sean chailleach iad. "Anois nó riamh" ar sise i n-a h-aigne féin "beidh díoghaltas agam ar Dhomhnall." Chuaidh sí i bhfolach fé cabha cloiche agus le linn do Dhomhnall dul thar brághaid do bhuail sí buille dá slaitín draidheachta air, agus do deineadh gallán cloiche do féin agus dá bheirt mhac. Seo línte do cumach ar Dhomhnall.1.
Tá Domhnall an t-Sruma go buadhartha 's go brónach
Is duairc tá a chuma 's is túr tá a sgórnach
Tá a ulach dá chromadh 's dá chur ar an mbóthar
Ní eolach dó cumar ná connair mar cómhgar.11.
Bhí Domhnall seal confadach, cointeannach, comhachtach
'S ba mhinic ar buille é ag troid le n-a chomharsain
Nó gur chuaidh sé sa chlismirt, lé cuirptheach cruthanta
A chuir máchail 's milleadh air ná tuitfidh go deo dhe.111.
De dheascaibh a chlainne seadh thuit an tionóisc air
Mar le linn dul na ngoire seadh cuireadh an pionós air
Buille gan coinne á chur de n-a threoir é
Is a d'fhág é gan chiste, gan chine gan comhgas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitilín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Dhaoda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí