Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bainne Cíoch na n-Éan:-
Fásann sé seo i measg na bprátaí. Dá mbrúighthí an gas tiocfadh stuif bán as ar nós bainne comh dlúithte. Dá gcimileochadh duine dá aghaidh ná d'aon phioc dá chorp thiocfadh cneadh tinn - saghas nioscóid air.Mion na nGabhar:
Fásann Mion na nGabhar (Min na nGabhar) i ngach áit acht go mór mhór anáirde ar chlathacha. Bláth buidhe 'seadh é agus bíonn bolath
breagh uaidh.An Puirseach Buidhe:-
Fásann an luibh i gcoirce agus arbhar. Loiteann sé an síol agus na daoine é dheighilt ó'n gcoirce is é á bhaint acu. Ní thugann sé slighe do'n coirce fás chomh h-árd is is ceart dho.Neanntóg:-
Fásann an neanntóg i ngach áit nách mór. Baintear neanntóga agus tugtar mar bhiadh dos na cearca is do's na lachain íad. Crotar mám mine (mine) anuas ortha tar éis iad a bheirbhiú.- Bailitheoir
- Caitlín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Dhaoghda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí