Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é. Bhíodar mar sin i rith an lae go tráthnóna.
Bhí Fionn curtha traochta amach ó bheith ag rith ar feadh an lae. Caithfeadh Fionn a ordóg a chogaint go dtí an cnámh chun fios d'fhághail. Ní dheineadh sé é sin go mbeireadh cás bruaidh air. Shuidh sé síos agus thosnuigh ag cogaint. Fuair sé fios go marbhochadh an Gruagach é muna ndéanfadh sé an mhéar dho ghearradh de féin.
Chuaidh sé ar bharra na faille annsan. Chuir sé a mhéar anuas ar chloc agus fuair sé cloc eile. Ghearraidh sé an mhéar de féin. Rug sé ar an mhéar acht chaith sé síos go bun na faille é. Tháinig an Gruagach suas leis. "Cá bhfuilir a fháinne" ar seisean. "Táim annseo ar mhéir Fhinn Mic Cumhail ó Éirinn" ars an fáinne. Súid [?] leis an Gruagach go dtí an áit i n-ar chualaidh sé an fáinne ag cainnt. Súid [?] léis síos go bun na faille. Marbhuigheadh é. Tháinig Fionn Mac Cumhail abhaile go sásta leis féin. Sin mar a fuair Fionn Mac Chumhail an fios.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Gearailt
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Chiarraí