Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 095](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_095.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 095
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thabhairt do'n gcapall do chonnaic sé an bhean i n-a seasamh sa dorus. Do rith sé isteach go dtí fear an tighe agus d'innis do mar bhí. Do tháinig eagla air sin agus chuir sé fios ar an dearbhráthair eile. Leig seisean air go raibh ana iongnadh air agus chuaidh sé chun cainnte léi mar d'eadh agus b'é an rud a dubhairt sí a bhí uaithe ná an tobac a d'fhág sí i n-a dhiaidh. Fuair sé tobac agus bhuail sé síos i n-a phóca é agus chuireadar an t-sean bhean arís. Do dhein sé an cleas céadna an dara oidhche acht 's é an rud a dubhairt sé a bhí uaithe sin an oidhche sin ná an céad púnt d'fhág sí dhiaidh. Fuair sé an céad púnt - bhuail sé síos i n-a phóca é. Chuir sé an t-sean-bhean, d'imthigh an Slataire agus ní raibh ocras ná easba ná ocras ar an bhfear bocht ná ar a leanbhaí as san amach.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loinsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Choill, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ghuithín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí