School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 163](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0426%2FCBES_0426_163.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 163
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 163
- XML “Iascach - Ag Iascach Ballach agus Deargán”
- XML “Talamh Iascaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Theas ar an bhFaill-Ghéar agus Faill Uí Mhurchadha bhéadfa agus an tslat ghealcaig agat ag tástáil an doimhneas leat isteach go dtí go mbuailfeadh sgúnsa beag ceathair nó chúig troighthe níos doimhne ná an chuid eile agus leithead an chorcáin ann. Níor chuaidh aoinne riamh ann na fuair freagra. Ach mar a n-éireóchadh leat an corcán san d'aimsiú ann ní bheadh puínn tora ort.
- Talamh Iasgaig
Spiléir: Lasmuich de Chuas an Bhodaig a bhí an talamh sipléar is fearr a bhí ar cheann sp dhúthaig. Bheadfá air nuair a bheadh Cnoc Bréannain ag oscailt ar bhinn-Bhaile-Reó.
Banc nó Bágh an Cholú: In aice le Ceann a' daimh. Chaithfeadh an Chomhla bheith ar na bacáin agat i gCuas na Comhlann & an bhínn Mhór osgailte chun tú bheith ann. Faoitíní a bhíodh á n-íosgach le doirghthe. Sgadáin ghainmhí an baidhte bhíodh acu.
Banc na Mináirde: Bheadhfá air nuair a bheadh simné Tomáisín bháin ar Theampall na hEaglaise. Deargáin a bhíodh ann & b'fhearr ceann ón mbanc san ná dgá cheann ar aon bhanc eile.
Banc Faoitíní: An Siorrach ar an Sruthán. Bhíodh dhá dhorú ag gach duine & dhá dhubhán ar gach dorú. Sgadáin ghainmhí an baidhte. Dubhairt "C" le "S" lá & iad ag dul amach ag iasgach go dtabharfadh(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Chiarraí