Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 235

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 235

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 235
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    h-oidhche tháinig sé go dtí tig na mná. Do bhuail sé cnag ar an doras, d'oscail bean a' tighe é agus dubhairt - "Cé tá ansan?" "Seáinín," ars' an fear amuigh. "Cad é an scéal atá agat nó cad a thug anso tú? ar sise. "Teastuíonn cúig púintuaim" ar seisean. Thug sí an tairgead do agusdubhairt sí - "ná bíodh easbadh ort." D'imthigh sé leis agus d'imthigh an bhean na codladh. Lá'r na bháireach nuair a tháinig an sclábhuidhe d'innis bean a' tighe an scéal do.
    An tarna oidhche tháinig an sclábhuidhe airís agus aibíd Sheáinín air. Bhí an bhean imithighthe a codladh ach d'eirigh sí. D'oscail sí an doras agus dubhairt sí - Cé tá amuigh," Seáinín ars' an sclábhuidhe, agus teastuigheann cúig púint uaim. Thug an bhean do é agus d'imthigh sé leis. Tháinig sé an triomhadh oidhche agus an scéal céadna aige. Dar ndóighcheap an bhean gur Seáinín a bhí ann agus thugan t-airgead do. An lá 'na dhiaidh san do labhair bean a' tighe leis an mbuachaill. "Nár tháinig Seáinín airís airéir," ar sise, "Tácúig púint déag fachta anois aige uaimagus caithfidh mé dul go dtí an sagartmar gheall air." "Dheara ná dein, an turas so," ars' an sclábhuidhe ach teighir chuige má thagann Seáinín aon oidhche eile," ar seisean. Do ghlac bean a'tighe a chomhairle agus níor
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Thomáis Uí Núnáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí