Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 268
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lastar na coinnle fós inaice an chorpáin, ceann do gach asbol de'n dá asbol déag. Coinneall Iudáis a múchtar. Bhíodh peidhre bairlintí speisialta línéadaig ag mnáibh áirithe agus is iad a usáidtí i ngach tórramh sa chomharsanacht. ní théigheadh duine 'na aonar riamh ag triall ar na bairilintí seo, ná ag triall ar an aibíd ná an cómhra.
    6. An té a bhailigheann na coinnleóirí i gcóir an tórraimh is é a thógann abhaile airís iad.
    7. Stoptar an clog nuair a cailltear duine sa tig agus cuirtear ar siubhal airís é t'réis an tórraimh.
    8. Tugtar pípeanna cré lán de thobac do gach aoinne a thagann go dtí an tórramh. Tugtar snaois leis dóibh agus t'réis iad d'fhágail deireann daoine paidir ar son anam an duine mhairbh.
    9. Ní thógann aoinne uaig nua ná ní dheisigheann siad seanna cheann go dtí go cailltear duine den líontighe agus go mbíonn gádh acu leis.
    10. Ní oscluightear uaig riamh ar an Luan. Má thárluigheann go bhfuil duine le cur Dia Luain oscluightear an uaig Dia Domhnaig.
    11. Ceathrar fear agus cómh sloinne leis an duine atá marbh a thógann amach an cómhra ar a nguailnibh, agus 'siad a iomchuruigheann mór dtimcheall na roilige leis í sar a leagtar inaice na h-uagha í.
    12. Deirtear an Choróinn Mhuire ar a dódhéag a chlog ist oidhche i dtig an tórraimh, agus roinnt blianta ó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí