Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 269
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shoin d'árduigheadh na mná ológón chómh luath agus bhíodh sé ráidhte. Do ghoileadh muinntir an tighe le gach dream a thagadh isteach.Bhí baintreach bocht 'na cómhnuidhe timcheall le trí fichid bliain ó shoin cúpla céad slat ó dheas ón scoil seo, inaice an Chaisleáin. "Drom a' Doire" a glaoidhtí ar an áit 'nar chómhnuigsí. Bhí beirt cloinne uirte, mac agus inghean. Fuair an t-inghean bás agus chuaidh mná an bhaile chughtha chun an cailín bhocht do shíneadh amach i gceart 's i gcóir. Níor ghoil an mháthair bhocht go dtí go raibh gach nídh déanta acu, agus ansan do chaoin sí a h-inghin: -
"Mo thaisce is mo laogh agus níl aon bhó fán spéir
A thógfaí uaithe a laogh ná cuirfeadh aiste géim."
Dubhairt sí le na mac: -"Is fliuch an teine a ceapadh duinne, i nDrom a' Doire,
Idir dhá chnoc agus an doras dúnta.
Cág agus fiolar na coille im'dhúiseacht
Agus glór na toinne ar cur codladh amú orm."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí