Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “Seanphaidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a theigheadh sean daoine chun turas naomhtha a thabhairtdeiridís an phaidir seo ar dtúis:-
    Dia's Muire duit a Mhaighdin Naomhtha,
    Beannuighimse duitse fá mar a bheannuigheann an saoghalduit,
    Is chughatsa a thána ag gearán mo phéin duit
    Agus a d'iarraidh mo leighis ag ionghantais Dé ort.

    Deireadh na seandaoine paidreacha áirithe leis an gCoróinn Mhuire ar na laetheannta féile:-
    Coróinn Mhicíl, lá 'le Michil :-
    Ag tosnú na Corónach deirtí:-
    "A Íosa, Mhuire agus a Mhichíl fóir orainn
    (freagra) A Íosa, a cheannuig sinn, beannuig sinn, dein trócaire orainn".
    Sar a dtosnuightí ar gach deichneabhar do rádh, deirtí
    "Tair a Mhichíl agus glac mo lámh,
    Dein mo shíothcháin le Mac De.
    Má tá aon annsprid ar mo thaobh
    Cuirim Críost idir mé agus é."
    Dubhairt Brighid Bean Uí Shuilleabháin go raibh mórán sean phaidreacha ag a máthair atá caillte le fada, ach go bhfuil siad go léir imthighthe as a cuimhne anois.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí