Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 282
  3. XML “Scéal - Na Trí Comhairlí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na Bháireach bhí an tóir 'na dhiaidh. Ghaibh na piléirí é agus bhí barántas acu chuige mar gur mhairbh sé fear airéir. Tugadh isteach go priosún Traighlí é, agus do leath an scéal ar fuaid na dúthaighe. Ba ghearr go dtáinig chun é d'fheiscint, an feirmeóir ceadna gur chaith Seán trí bliana ag obair aige. D'fhiafruigh sé do Sheán cana thaobh gur tógadh é. Is baoghalach nár thógais mo chómhairle ars é sin. "Thógas cheana mhuis" arsa Seán, agus d'innis sé an scéal tríd agus tríd. "Ana mhaith" ars' an máighistir, beadsa láithreach lá na cúirte. Tháinig lá na cúirte, do tháinig gach aoinne ag éisteacht leis an gcúis. Bhí breitheamh na fola suidhte ar bhinse. Bhí an fear óg agus an bhean óg ag dearbhughadh gurbh é Seán a mhairbh an seanduine. Bhí Seán daor anois ach ní fhéadfaí é dhaoradh chun na croiche gan cead an Jury. Bhí an feirmeóir ar an Jury. Bhí an Jury ar cur agus ag bearra i gcoinnibh a chéile. D'iarr an feirmeóir cead cainnte thabhairt do Sheán. Do thoilig siad leis. D'éirig Seán 'na sheasamh. "A bhreithimh onóraigh," ars' Seán, "an chasóg atá ar an bhfear san atá ag dearbhú ormsa bhíosa istigh i gcruach an fhéir nuair a leath sé ar an gcapall í. Nuair a fuaireasa imthighte é bhaineas leithead pingine do phíosa amach as bóna na casóige sin. 'Sí an chasóg chéadna atá anois air agus tá an píosa anso im'phóca. Thug an breitheamh órdú do'n bpíléir an chasóg a thabhairt chuige. Shín Seán an píosa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge