Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 684

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 684

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 684
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Síad na fir dob' fheárr chun úalaighe troma do thógaint a bhí sa dhá pharóiste seo ná:-
    1) Tomás Breathnach (Tomás Mór) (ó Arra Gleann)
    2) Pádruig d' hÓrda (ó Liosnacaolbhuidhe)
    3) Nioclás d'Mordha (ó Liosnacaolbhuidhe)
    A) Bhí Tomás Breathanach (Tomás Mor) ábalta ar deich gclocha(?) mine a thógaint ó Clochán ar a dhrom isteach go dtí Arra Gleann gan aon stad
    B) Bhí Pádruig d' h-Órda ábalta ar chéachta mór íárrain do chur ináirde ar a dhrom ó'n dtalmh. Bhí sé ábalta leis mála mór mine na mbíódh cloch is fiche ínnti a chur óscionn na rálach isteach i gcairt chapaill
    C) Bhí Nioclás do Móradh ábalta ar bearta móra a thógaint ar a dhrom. Lá amháin chuaidh sé go dtí an gcnoc chun beart aitinn do thabhairt abhaile leis. Do bhain sé an t-aitean agus núair a bhí sé ag teacht abhaile chuir sé an beart ináirde a dhrom on dtalmh. Bhí trí céád meadhchaint san mbeart agus thug se an beart ar a dhrom tímcheall trí míle.

    B'iad na Amharaidhthe dob fhearr a bhí sa paróiste seó ná
    1) Pádruig O Muircheartaig (An Pílir)
    2) Padruig do Móradh (on gCé)
    a) Bhí Pádruig Ó Muircheartaig ábalta ar an "mbuacaill mbán" do radh go hana mhaith.
    b) Bhí Pádruig do Moradh ábalta ar an "mbuacaill caol dub" do chantan go bínn.

    Séamus d'h-Ordha Rang VIII
    Fuaireas iad seo om' atair atá 59 bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus d'h- Órda
    Inscne
    Fireann