Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 728

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 728

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 728
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo iad na h-ainmeacha - páirceanna, srutháin, cnocáin etc, atá i mBaile UíDhuibhne i bparoiste Chlochain:-

    Páirceanna:-
    Páirc a Leasa - sé an fáth go nglaodhann siad "Páirc a Leasa" uirthi, mar tá líos ann agus tobar go nglaodhann daoine "tobar na Súl" air. Deireadh siad go raibh leigheas san usige do shúilibh tinne.
    Gort a Bhráthair - garráidhe iseadh Gort a Bhratair go raibh brathair i na chómnuide ann fádo. Bhí sáipeal mor ann agus tá cuid de le feiscint ann fós.

    Drom na Cille - tá chloch fé bhun "Drom na Cille" ar nós chloch a bheadh i sáipéal chun an uisge coisrigcean do choimeád, agus tá a lán comharthaí reilige i gcúinne de pháirc eile anaice leis.

    Gort Bhaoithin - garradihe iseadh "Gort Baoithin", gur crochadh fear ann fadó gur bh'ainm do 'Baoithín'. Cuireadh air gur ghuid sé tarbh agus an lá a bhí an fear taréis á chrochta thaínig an tarbh abhaile.

    Cathair na Féithe - deir na sean daoine gur thóg na Danair é agus i ngarráidhe anaice leis tá "Leabaidh Diarmada". Deirtear gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
    Bailitheoir
    Tomhás Ó Loinsigh
    Inscne
    Fireann