Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 771

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 771

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 771
  3. XML “Seanscéal - Eachtraí Fir Bhoicht ó Cuais an Bhodaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an droc-shaoghal bhí fear in aice Cuas a' Bhodaig in áit darab ainm Baile Uí Churráin. Bhí bean agus triúr clainne aige agus bhí an saoghal an-cruaidh air. Bhailibh sé síos amac an dtuath agus níor stad sé go dtí go raibh sé i lár Éireann igConndae Chill Dara.
    Sa tráthnóna cuaidh sé isteach idtig fheirmeora agus lorg sé loísdín agus fuair sé é. Bhíodar ag seancus feadh na h-oidhche agus d'fhiafruigh an feirmeoir de cá raibh sé a' dul nó cá raibh a chúram. Dubhairt an fear bocht gur feirmeoir bheag é agus gur chaith sé a áit d'fháaint le cruadhtan a' tsaoghail. Dubhairt an feirmeoir go dtógfadh sé ar aimsir é go ceann bliadhna agus go dtabharfadh sé cúig púint dó indeire na h-aimsire sin. "Tá mé sásta" ars an fear bocht.
    Nuair a bhí an bliadhan caithte cheap an fear bocht go raghadh sé abhaile cun a mhnaoi agus a chlainn d'fheiscint ach dubhairt an feirmeoir go dtabharfadh sé cómhairle do'n cúig púint dó sara n-imeóthadh sé. Bhía an fear bocht sásta agus isé comhairle a thug an fear eile do: "gan fanacht go brách idtig á bheadh fear críon agus bean óg." Tabhairfidh mé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál O' Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig O' Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Chiarraí