Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0504

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0504

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0504
  3. XML “Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní ceart máthair a dul chuig an reilg leis an gcéad páiste a gheibheann bás.
    Deirtear go mbíonn mí-ádh ar an duine a thuitheas i reilg.
    Nuair a bhíos duine ag dul ar tórramh is ceart salann a chur ina bhéal agus gránna nó dó a chaith san dteine.
    Má thuiteann clog nó pictiuir gheobhaidh duine bás.
    Nuair a gheibheann duine bás ní cheart sul treasna air - níl sé sona.
    Ní cheart duine mairbh a fhágáil san leabhaidh ina bhfuair sé bás.
    Ba cheart go n-iompróchaidhe an trosgán bun ós cionn ar a raibh an cónra fágta.
    Ní cheart trosgán tighe a chur amach an doras roimh an gcónra.
    Ní cheart an teach bheith gan aoinne nuair a imthigheann an tsochraid.
    Is ceart cosg a chur leis an gclog nuair a gheibheann duine bás.
    Má bhíonn socraid scapuighthe beidh ceann eile sar i bhfad.
    Má bhíonn brionglóid ag duine faoi daoine marbh cloisfidh sé ó na daoine beo agus tá bainis le teacht.
    Is ceart píopa a lasadh sul a imthigheann duine as teach ina mbíonn duine marbh.
    An duine is déanaighe a fhágas an reilg sé is túisge a gheobhfas bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    2. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Éalbháird
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Martin Tom
    Inscne
    Fireann