Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0548

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0548

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0548
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i dTeach a' Phobuil lá agus chuala sé an sagart ag cainnt ar rud eicínt agus níor thaithnigh an chaint leis chor ar bith. D'imthigh sé agus dubhairt sé nach n-éisteochadh sé aon Aifreann arís le na shaoghal. Bhí sé ag imtheacht abhaile agus ag tabhairt cúil a chinn do Theach a' Phobuil. Casadh leis mar bheadh duine uasal ar an mbóthar agus bhíodar ag siubhal i gcuideacht ag déanamh a mbealaigh rómpa agus ag comhrádh le chéile. I gceann tamaill bhuail tart mór an fear a thréig an t-Aifreann agus chrom sé ag ól dighe as an tsruthán a bhí ag imtheacht le taoibh an bhóthair. B'fhactar dó go raibh an t-uisge chómh milis agus nach mbeadh sé tuirseach gá n-ól go lá a bháis. "Ó a Thighearna" ar seisean nuair a d'éirigh sé ón uisge "tá an tuisge sin chómh milis agus nach dtig liom mo shaith dhe ól in aon chor". "Tá go maith" arsan fear a casadh leis teanam ort anois go bhfeiceamuid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éibhlín Ní Flannabhra
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Micheál Mhac Bán
    Inscne
    Fireann