Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Lios”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lios
    Lios Riobáird i bparóiste Baile an Bhuiléaraig trí míle ar an dtaobh so de’n Daingean. Bhí Fionn ag imtheacht roimis. Bhí na daoine ag faire ar na Fianna cun íad do mharbhú. Thóg Fionn na Liosanna - thóg sé ceann aca annso agus ceann eile trí mhíle díreach uaidh. Chuireadh sé teine i gceann aca ar maidin féachaint ar mhaireadar taréis na h-oidhche. Cómh luath agus a chífidís an deatach do bheadh fhios aca go mbeadh an dream eile ‘n mbeathaidh. D’éirig idir Conán Maol agus Fionn agus bhí Oscar agus Conán, ag obair as láimh a chéile. Tá staighre céad troigh istig 'na lár. ‘Sé an chíall gur dheineadar san ná :- cun go mbeadh neart teichthe aca.
    Chuas féin isteach ann lá go bhfeicfinn connus a bhí an obair thíos ann déanta. Nuair a chuas síos tamall ann chonnac an cat breach agus faid an mhéid sin d’iongnaibh air. Níor bhaineas leis. Níor dhein sé aon níd sa t-slighe liom agus níor dheineas aon nídh sa t-slighe leis.
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéul:-
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Tig na mBocht, Cíll Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sí a óige:-
    Baile Ruistín
    Daingean Uí Chúise.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí