Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 093

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 093

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 093
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí feirm talmhan ag Mike Sullivan agus bhí cearca le Jim Shea ag teacht isteach...

    Bhí feirm talmhan ag Mike Sullivan agus bhí cearca le Jim Shea ag teacht isteach. Ceoltóir agus figheadóir do b’eadh Jim Shea. Cuireadh ar Mike Sullivan gur mhairbh sé chearc agus coilleach le Jim Shea ar Domhnach na Sailme – dochtúir Baile Dháithi a tugtaí mar leas-ainm ar drithair céile Mike Sullivan. John Lee a dhein amhrán.
    ‘Domhnac ns Sailme mhairbh sé an coilleach
    Agus trí noimeataí roimis sin thraochadh sé an cearc
    Annsan d’imthig an figheadóir agus an ceoltóir deas
    Ní mhairbheochad sé coidche iad
    mar bhíodar ró mear
    Mara mbeadh Doctiúir Bhaile Daithe
    Ag cuimhneamh ar an act.’

    Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
    Mícheál Ua Muircheartaig (82)
    Tig na mBocht, Cill Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
    Baile na h-Abhainn
    Paróiste Mórach
    Co. Ciarraidhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Miceál Ua Muirceartaig
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí