Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 145
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Áit-ainmneacha
    Bóthar na gcor:- Ní h-aon leas-ainm é. Deineadh bóthar nuadh tríd an bfaill le “blaisting” ceithre míle ó’n Daingean ag dul go barra Conaire Cuimín na bFiach-dubh. Bíonn rud le n-ithe acu gach aon lá. Is mór an “circus” a thuiteann de caoiribh san dreap atá ann (míle suas ó barra Conaire).
    Tugtar Slighe na mbláth toisc bláthanna cómh breágh a bheith ar an bhfraoch agus ar an aiteann a bhíonn ann.
    Cam an áir:- Cam an áir ar thaobh an Daingin. Bhí cath ann fadó ach níor chúala aoinne ag rádh cad a thosnuig an troid nó cad a críocnuig é ach chómh beag. Tá portach ann agus bíonn bogag le fághail ann agus raghaidís isteach tré clár ‘dale’ duit, tá a leithéid sin de phoinnte ortha.
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras é sin:-
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Tig na mBocht,
    Cíll Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
    Baile Ruistín
    Daingean Uí Chúise.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Airne, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Padruig Ua Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí