Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (C.)
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “An Chuigeann”
  4. XML “An Chuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an tíge.
    Óltar an bhláthach agus tugtar do's na mucaibh is na ganmhaibh í agus úsaidtear í chun cístí do deanamh,
    Lúighseach Ní Chonnmhaighe.
    Dúcha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá meadar againn sa bhaile.
    Tugtar meadar mar ainm uirthe.
    Tá sí trí troighthe ar aoirde, troigh go leith ar fhaid ó thaobh-taobh 'na bharr.
    agus dhá throigh ó thaobh-taobh 'na bun.
    Deineadh í geall le trí bliana déug ó shoin.
    Is iad so gléiseanna na meidre - an loinithe, an clár agus an cupán.
    Deineann m'aintín an t-ím dá uair sa t-seachtmhain sa tSamhradh agus aon uair amháin sa t-seachtmhain sa Gheimhreadh.
    Ma thagann stroinséar isteach le linn na cuiginne buaileann seisean greas uirthe le h-eagla go dtógfadh sé an t-ím leis.
    Bíonn an chuigeann á dheanamh uair go leith nó dhá uair sa Gheimhreadh.
    Oibrightear an loinithe síos suas sa mheidir le na lamha.
    Nuair a bhailigheann am t-ím 'na chnapógaibh claistear glór na bláthaighe agus mothuightear meadhchaint an ime agus annsan aithnighthear go mbíonn an chuigeann déanta.
    Tógtar an t-ím amach le fó-chupáin agus nightear é le uisce fuar agus cuirtear salann ann.
    Usáidtear sa bhaile é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí