Scoil: An Fhaill Mhór (uimhir rolla 12701)

Suíomh:
An Fhaill Mhór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Domhnall Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Fhaill Mhór
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “Scéal agus Amhrán i dtaobh Rúta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Casaidh anall é arís tré nGrianach
    Bun a’ Chille is an Gort aníos leis,
    Tóg líne tré Bhéarna Gaoithe,
    An Cúl Ruadh anoir agus Droichead na bhFaoileans,
    Agus fágfaimíd ‘na stad ar Bun an Chaoil é.
    V.
    Ní fhágfaimíd ‘na stad ar Bun an Chaoil é,
    (r) Acht cuiridh a mhalairthe chun Barra an Chaoil suas,
    Anonn chun Leitreach cois glóirí síos de,
    Bun Beithe agus na Fóirne timcheall,
    Agus mara bhfuighimíd i gCromán é ní casfaidh sé choidhche.
    V1.
    Níl sé i gCromán ná ‘sna Fóirne timcheall,
    Ná i nGleann Chárthaigh ná i Muileann Healy,
    Tá ‘Land bills’ anáirde agus a lán d’á h-innsint
    Gurb’ é Donnchadh an Máighistir do dhein an gníomh air.
    V11.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Dúinín, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Ríoghbeardáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Beithe, Co. Chiarraí