Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é Carraig na Siúire mo cheantar dhúthchais agus tá sé i bParóiste Niocláis Naomhta. Tá sé i mbarúntacht Ifa agus Ofa Thoir. Tá thimcheall 600 de clanna sa bhaile agus tá daonradh timceall 4,000. Siadh na sloinnte is coitciannta na de Paor agus Breatnach sa ceanntar. Tighthe cinn slinne isead na tighthe go leir sa baile ach trí tighthe cinn tuighthe ar bótar Cluain Meala. Is le Muintir de Paor, Muintir Murchadha, agus Muintir Drothain iad.Deirtear go bhfuair Carraig a ainm ó charraig atá sa abhainn ach ní h-é sin an brigh ceart. Bí Carraig in-oilean mór uair amháin. Bí an aba ag gluaiseacht timceall an baile agus d'fhulaing na daoine a lán ó thuillte móra. Bhí sí ag gluseacht tar an Muilleann Tuirisc go dtí an Pairch agus sios tré Sráid an Locha gur bhuail sé leis an abhain i Sraid an Muilleann. Do chuir muintir na Carraige a bí í gCalifornia airgead go dtí a muintir sa bhaile cun cuid de'n abainn do thaoscadh agus insan an slige seo do d'athruigheadh cúrsa na h-abhann.Tá a lán sean daoine sa ceanntar go bhfuil breis is seachtmhó bliain aca. Tá an Ghaedhilg ag Seamhus Breatnach ar Bóthar an Tobair. Tá níos mo tighthe i gCarraig na Siúire anois na mar a bí fadó. D'imtigh a lán daoine ó Carraig go dtí Albháin, Sasana agus chuaid 2,000 go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhubhgháin
- Inscne
- Baineann