Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)

Suíomh:
Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 071
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An cúis atá leis an bhfearthainn nó an deagh-shíon a bhíonn againn ar feadh dachad lá tar éís Féile Naoimh Swithin.

    BhÍ Naomh Swithin ag taisteal na dTrí Ríoghacht agus tháinig sé idtír i bPortláirge. Chuaidh sé go dtí Carraig na Siúire annsan. Bhí beart mór bróg agus hata tuighe agus scáth fearthainne á iomchur aige. Bhuail sé le fear darbh ainm dó Ó Duibhir a thug biadh agus lóistín dó. Annsan d'iarr Naomh Swithin air dachad peidhre bróg agus dachad scáth fearthainne do cheannach uaidh.
    "Cá bhfuighinn an t-airgead?" arsa Ó Duibhir, "Fear bocht is eadh mé. Agus féach ar an aimsir! Tá sé chomh te san nach gábhadh aon bhróga ná scath fearthainne."
    "Tóg iad," arsa an Naomh, "agus déan iarracht ar iad do dhíol i mBaile anPhuill, Port Cladhach, Móin Chuinn agus Cill Míodáin."
    Dhein Ó Duibhir rud air. Shiubhail sé lá agus oidhche agus chas sé go dtí an Charraig gan rud do dhíol.
    An lá in a dhiaidh sin mhol Naomh Swithin dó dul mór thimcheall Cnoc a' Leath Bhaile, Ráth
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge