Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)

Suíomh:
Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Ár dToibreacha Naofa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá dhá tobar naomhtha sa pharóiste seo, Tobar Cláirín agus Tobar Tig Bressí. Tá Tobar Cláirín ar Bhóthar an Tobair in aice le Sgoil na gCeárd Ioseph Naomhtha. Nuair a bhí siúireaca Naomh Cláir 'na gcomhnuidhe san áit 'na bhfuil Sgoil na gCeárd anois, d'éirig an tobar i slighe miorbhúilteac agus bhain na siúireaca usáid as an uisge i gcóir an tighe. Lá amháin nuair a bhí an "Black Friar" ag gabháil thar an tobar do bheannuig sé é agus bhí sé 'na tobar bheannuighthe as sin amach.
    Deirtear go dtéigeadh na daoine cun siubhal timcheall air agus cun paidreaca do rádh. Ní bhíonn turusanna go dtí an tobar anois agus baineann muinntear na h-áite usáid as an uisge i gcóir na tighthe. Tá falla an-íseal tógtha timcheall an tobair i bhfuirm cearcaill agus tá leacaca leathana taobh amuigh de'n bhfalla.

    Tá Tobar Tigh Bressí suidhte in aice le Bothar Baile Risteáird. Fuair Brighid Ní Fhathaig amach go raibh turusanna go dtí an tobar tímcheall céad bliain ó shoin. Tá an tobair seo cosúil le Tobar Cláirín ach níl sé comh mór leis.
    Áit naomhtha iseadh an tobar seo i mBaile an Greimhín. Tá sé dhá míle slighe ó Mainisteir Mhaothail. Tugtar Tobar Maothal air. Thíos i ngleann áluinn atá sé. Bíonn Patrún ann gac bliain ar an dara Domhnac de Mhí Iúil cun onóra do thabhairt do's na Naoimh Cuan ag Brogán a mhair ins an sémhadh aois. Tá fothraca sean-thighe gairid do'n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Neillí Ní Caoimh
    Inscne
    Baineann