Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “An Cheárta Cheantair”
  4. XML “Táilliúirí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    eile. Bhuail sé go tréan le ceapórd é. Chuir sé sa teine aríst é agus thóg sé amach é nuair a bhí sí te. Chuir sé ar shoc na hinneona é agus lúb sé i gcosamhlacht crútha. Chuir sé puill bheaga ann i gcóir tairngní agus bhí an obair sin go léir déanta aige i gceann cúpla noiméat. Ní dheineann an gabha aon obair amuigh fen aer ach amháin nuair a bhíonn á deis-iú rotha cairte - bíonn air é sin a dhéanamh taobh amuigh den doras. I rith an gheimhridh bailigheann go leor daoine isteach sa cheardchain agus is ann a chaitheann siad an oidhche a' cainnte is a' comhrádh is ag innseacht sgéalta.

    Fuaireas é sin ó m'athair -
    Aodh Mac Siordan,
    An Charraig,
    Gleann-Gaibleann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fadó ní raibh táilliúirí san áit seo ach thagadh daoine ó áiteanna eile ag déanamh culaith éadaigh ins na tiththe chun slighe bheatha a bhaint amach dóibh féin. Fé láthair níl ach beirt nó triúr táilliúirí thart sa cheanntar seo. Seo ainmneacha na ndaoine sin - Tomás Mac Giolla Phadraig, Corrabha, Gleann-Gaibhleann, agus Tomás Ó Raghallaigh as Cuppenagh, Gleanngaibhleann. Bíonn alan sórt éadaigh ar stór i gcomhnuidhe aige i seomra beag agus aon duine go mbíonn culaith deas uaidh ní bhíonn le deánamh aige ach a rogha éadach dhíobh do thoghadh i gcóir na culaithe. Bíonn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Samhráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin