Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_056

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_056

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 02_056
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    muinntir an bhaile mhóir. Do bhíodh a máthair i gcomhnuidhe i gcionn obair an tighe agus do théigheadh an cailín beag ar sgoil gach lá. Ach tharla go raibh a máthair mór ina comhnuidhe istigh i lár na choill agus gach tráthnóna nuair do thagadh an cailín beag on sgoil do théigeadh sí ar cuairt go drí a máthair mór. Do bhíodh an t-sean-bhean bocht ag éirigh aosta anois agus is minic nach mbíodh sí abaltha an cailín beag d'aithint nuair do bhíodh sí ag teacht tríd an gcoill. Nuair do bhí an cailín beag ag dul ar cuairt go dtí a máthair mór lá amháin cé casadh leí ach an mactíre. "Cá bhfuil tú ag dul adeir sé leis an gcailín beag". "Tá mé ag dul ar cuairt go dtí mo máthair mór," adeir sí agus tá go leor rudaí deasa agam le tabhairt cuicí". Cá bhfuil do máthair mhóir in n-a comhnuidhe"? arsa an mactíre. Go díreach ag ceann an chasáin seo," arsa an cailín" Dubhairt an mactíre go raibh fios aige an teach go maith agus d'imigh leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dara Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann