Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 03_005
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí se sin na theach bhréag fadó. Ba gnáthach lé go leor daoine a dul go America as fadó. is minic a luadhadh ainm nah-aite i amhrán agus i sean-fhocal. Seo ceann amháin a rinne an file, (Colm a'Bhailíc)
Inis meadhon, Inis gan arán,
inis gann gortach,
An lá a theigheann's tú ann,
Beir leat do cuid arán, No beidh tú an lá sin do throsgadh.
Ní aontuigheann na daoine leis sin mar tá na daoine áta in Inis Meadhon flaitheamhail pé ar bhith caoi ar rinne sé an t-amhrán. Tá amhrán eile freisin faoi a rinne an Máigistir líonáin a bhí ag múineadh scoile ar an oiléan cúpla bliadhain ó shoin. Is é an sórt talamh áta ann na talamh bocht carraigeach agus níl aon cuid de faoi choillte. Níl aon abhainn ann na loch acht amháin loch ceann gainimhe, loch cró na gcadhain, loch an lisin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann