Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 10_001
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fhear ann fadó agus d'imthig sé amach san oidhche. Thug sé leis a ghunna go ngabhfadh sé ag marbhú lachan ar an loch. Síos "Trach 'r teach" a chuaidh sé. Bhíodh sé ag feiceál rudaí na thimcheall. Fear misnúil a bhí ann agus bhí sé an éasga. Mar sin ba chuma leis agus choinnigh sé air. Nuair a tháinig sé go dtí an loch bhí sé ag éaluighadh go réidh agus an t-urchar sa n-guna aige. Nuair a tháinig sé go dhtí an claidhe, bhreathnuig sé go réidh thairis mar d'airigh sé rud ag slapáil mar a bheadh lacha. Ach nuair a bhreathnuigh, céard a d'féicfeadh sé ach bean ag nigneacán. Bhuail faithchíos é agus d'imthigh sé leis agus é go dona le faithchíos. Bhí go leór rudaí da leanacht agus ghread sé uatha abhaile agus é ag tuitim le faithchíos. Ní ghabhfadh sé amach san oidhche ag fóglaeracht ní ba mhó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Fláithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Fláithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe