Scoil: An Corrán/Currane (uimhir rolla 16295)
- Suíomh:
- An Corrán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál P. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An coinín. Ainmidhe beag iseadh an coinín nios lugha na an ghirrfhiadh. Comhnuigheann se in aice na fairrge in áit gainimheach. (A) Itheann se féir glas agus coirce agus seagal agusm fataí ar rudai eile ins an fhógmhar. Tá dath donn air agus fionnadh giortach agus ruball giortach bán. Deantar fur da chuid fionnadh. Deanann sé dioghaltas ar daoine ins an fhóghmar.
An madad ruadh. Ainmidhe cinéal mór is eadh an madadh ruadh, comh mór lé madhadh. Comhnuigheann sé in aice na fairrge agus tuas ins an gcnoch. Tigeann sém ins an oidche agus goideann sé eanlaith ó na daoine. Fásann fionnadh fada ruad air. Tá ruball fada air chomh maith agus tá spota bán ar a bhárr. Sin é an fath a tugtar madadh ruadh ortha.
An luchóg. Ainmhidhe beag iseadh an luchóg. Comhnuigheann siad i gcruacha choirce agus i bpuill fataí. Itheann siad fataí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Chaithlín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc na Ceasach, Co. Mhaigh Eo