Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhail fhad ó shoin bhí ceithre rí i n-Éirinn.”
(continued from previous page)1
31
9
139 3393
"Ó is doiligh leat aon dath a dheánamh," arsa
sise, "ach caithfidh tú dheánamh."
lá amháin annsin ’na dhiaidh sin d’iarr
sé ar ghiollamán a bheith a teacht leis go
rabh aige le dhul ina leithadh seo a d’áit,
agus bhí fhios ag Giollamán cé’n áit a
rabh sé ag ’ul, agus shiubhail siad leóbhtha
agus ní theachaidh siad thaire Clochar a
Badb dúin go dteachaidh siad isteach i bpáire
a bhí ann a throidh le dá chlaidhimh. Agus
bhí rí an fhear mhaith agus bunadh na tíre
uilig go maith dó, agus nuair a chonnaic
siad a rí agus Giollamán a spáraibh leis
a dá chlaidhimh, cruinnigh chuid de na fir
a bhí thart a d’amharc ortha. D’aithin
Giollaman ins a troidh go rabh ’n rí
ag iarraidh a mharbha, go rabh sé athruigh
thaire mas bhí sé ariamh go rabh sé ag
iarraidh a mharbhadh i n-áit na mbonn.
Agus arsa seisean leis a’ rí arsa seisean.
"Tá tú ag iarraidh mo mharbha indiú," arsa
seisean. "Sílim," arsa seisean, ar a dóigh.
(ora dóigh a bhfuil tú ag obair go bhfuil
bharring.
á(continues on next page)