Volume: CBÉ 0180

Date
1936–1936
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 142

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí ríogh agus baínrioghain annsin fad ó shoin,...

    (continued from previous page)
    goidé’n cineal athchuingne a d’iarrfad siad
    Ach d’imthigh siad an lá amháin a rí agus a bháinríoghain ar siubhal, agus goidé rinn siad ach dearmad a dheánamh de’n
    room a rabh ’n chaoithir ann a ghlasáil.
    Nuair a fuair siadsan ar siubhal a t-athair agus a mhaithir d’fhosgail siad a room agus
    fuair siad a chaoithir ins an room - caoithir phisreógach. "Anois," arsa siadsan, "tá ’n chaoithir aghainn agus iarrfaidh an uile dhuine aghainn
    athchuingne ins a chaoithir". Agus shuidh a bhean
    ba sine de na cailíní ins a chaoithir agus d’iarr sí athchuingne ar a chaoithir má bhí morbhailtí a’ bith inntí í mac a rí a bhí ins an áit a fhághail le pósadh - a theacht agus
    go bpósfad sí é.
    Chuaidh a bheirt eile annsin a gháiridhe agus a gháiridhe a deánamh go rachadh an bheirt sin(1) a chathamh sileóg oirthí ní h-é amháin a
    h-iarraidh le pósadh, agus bhí leacht ar an am a bhí acú(2). "Seo," arsa sise leis a dara
    bean, "suidh thusa ins a chaoithir agus iarr athchuingne". Shuidh a dara bean annsin ins
    (1) An bheirt fhear.
    (2) bhí scéalaidheacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    4 May 1936
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant