Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 213](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_213.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 213
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title) (continued)
“Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan. ”
(continued from previous page)Eit. 345
213 3460
ag ’ul a stapadh arsa méire an bhaile mhóir
chonnaic siad a bhean an uile lá le trí lá
’na suidhe ann an áit amháín, agus ní
theachaidh sí suas a chor a bith a d’innse
goidé a bhí ag cur bhuaidhreadh oirthí. "Sin
thíos bean," arsa seisean, agus tá sí
annsin thíos le trí lá," arsa seisean.
an uile lá de na trí lá, agus caithfidh
sé go bhfuil rud ínteacht ag cur bhuaidhreadh
oirthí," arsa seisean, "agus gabhadh duine
aghaibh síos agus abraigidh léithe a theacht
aníos go bhfeicfimid a bhfuil aon dath
ag cur bhuaidhreadh oirthí.
Chuaidh duine aca síos fá na choinne
annsin, agus dubhairt siad gur iarr a
méire oirthí a dhul suas ’un cainnte
leis, agus d’éirigh sí agus chuaidh sí
suas, agus arsa méire an bhaile mhóir.
"níl an lá le trí lá nach bhfuil mé
ag amharc ort a teacht go teach na
cuirte," arsa seisean, "agus ní theachaidh
tú ’un tosuigh a chor a bith," arsa seisean,
aon lá de na trí lá. "A bhfuil(continues on next page)