Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)go dtí an áit a ru iníon a’ rí. Agus shuidh sé
síos agus leag sé a chloigeann i n-a h-ucht, agus thit
sé ’n-a cholla. Agus dúirt sé leithe é dhúiseacht
nuair a d’fheicfeach sí an ollaphéist a’ teacht. Ag-
us bhain sí dluíodán eile as a chloigeann. Agus
nuair a hainic sí an ollaphéist a’ teacht dhúis-
igh sí suas Eón. Agus gho Eón amach i n-aghaidh an
ollaphéist agus tharrain sé buille air agus sguab sé
an cloigeann don ollaphéist, agus cailliú ar a’ nóim-
éad é. Thainic sé isteach is dúirt sé le iníon
a’ rí a dhoil abhaile anois - go ru sí sabháilte:
gan aon fhaitíos a bheith aici roimhe díos mó. Dhin
sé aithgiorra cho fada le n-a chuid beithí agus thug sé
abhaile iad. Agus bhí an feilméaraí ag baile
roimhe agus d’fhiara sé dho cé chaoi ar ghabh an lá.
"Ó tá iníon a’ rí sábháilte," adeir sé, "ach ní
fios cé dhin é. Níl ’fhios an síos thríd a’ tala
nó suas san aer a gho an gaisgíoch."
Ach i gceánn cúpla lá ’n-a dhia’ sin chuir
an rí goirmsgoile amach a rá leis a’ mbocht agus
leis a’ nocht agus leis a’ saidhbhir a theacht cho fada
leis go bhfeiceach siad a’ ngeouch siad amach cé(continues on next page)