Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)ta
bac-áil sé siar is do thóg sé fáscruithig
amach dtí bruach na faille agus chaith sé an
t-úbhal agus chómh luath is bhí ’n t-úbhal caithte
’ge bhí sé ’n-a dhrom. Seo leó ar a’ mbóthar
agus an bhóthar a’ brise i gcúnaí fé na cosa
deire. Nuair a thógach sé’n chos deire bhriseach
a’ bhóthar síos ’on farraige. Dhineadar a’
bheart do gcuadar ar a’ dtalamh trí ar
a’ dtaobh eile
Seadh," ar sise, "tá an méid sin déunta do
h-ana-mhaith ach tá "gole" rúinn is measa na
é. Chinnibh do ghreim," ar sise
Cinnibh agus seo léi agus í ’meacht fé mar
imeóch pléar as gunna nú do mbuaila
teine ó ar do thalamh léi
"Seadh ’nois cad a dhéunfam?" ar sise ar sis
"N’fheadar," ar sisean
"Anois," ar sisean, "léimfead-sa anois," ar sise, "agus
raghai’ mé náirde," ar sise, "as chiúnn na teine
agus nuair a bhei’ mé teacht tímcheall as
ciúnn na teine," ar sise, ar mo dhrom a
thiocfad anuas agus mara raghair-se isteach(continues on next page)