Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0039](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0039.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0039
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)duine bhoicht," ar sisean
Do bhuail sé cloith [culaith] an Aifrinn chuigis ’n-a mhála agus leabhartha an Aifrinn agus
nach ao’ ní’ bhuineas leis an Aifreann agus do bhí sé chuir do ó thig do tig agus ucaras do minic air agus 'n-aon áit do bhfaghach sé bia beirithe
d’itheach sé é agus é ’meacht i gcló aon duine bhoicht.
Bhí sé siubhal ar feag áirithe mhór aimsire.
Dubhairt an Pápa leis sarar imi’ sé do gcaithfeach sé párdun a dh’fháil ó’n mbean san agus dul go Ufaran a’ triall uirthe agus ná raibh aon duine chuin é thúbhairt do Ufaran ach
'mháin Tom Smith agus ná faigheach sé cead a
d’fhiafruí’ cá raibh Tom Smith dtí do mbuailfeach sé leis gan choinne.
Bhí sé ag imeacht leis agus do casach isteach i mbail' é ar bhruach na farraige tráthnúna
Sathairn agus do tháinig buachaill isteach agus
beart mor éisc ghairbh aige. Fuair sé ósduíocht na h-oídhche ănn agus do shuig sé 'sa(continues on next page)