Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear i mbaile na nGall fadó...”
(continued from previous page)agus bhrathas é sin," ar sisean "ag imeacht thall sa bhfus insa n-uisge agus thairrigíos chúm aníos é agus cad a bhí ann", ar sisean " ná punan coirce. Well ní fada bhí ’n punan aníos
agam nuair a dh’éirig chúm aníos a' slataire óg aríst," ar sisean, "agus dubhairt liom a’ phúnan a chuir síos," ar sisean
Do raibh [bhí] sí mar phéiliúr fé m' cheann," ar sisean, "Is ná fuil [níl] ao’ ní fé m' cheann anois," ar sisean, "ach a chloch".
"Ní mó theastuíonn sí bhuait," ar sisean, "ná theastuíonn sí óm’ chromán-sa nuair a
raghad abhaile," ar sisean " ná fuil ao’ ní fúm age baile," ar sisean, "ach na cláracha". Ach d’imi’ sé síos bhuam ansan aríst," ar sisean. Well," ar sisean , "nuair a rugas ar mo tríú dorú ansan aríst tharnais," ar sisean,
"do bhrathas a’ tslí chéudna ag imeacht thall 's a bhfus é," ar sisean, "agus cad a thiocfach aníos chúm," ar sise, "nuair a thairrigíos aníos é cad a bhí air ná 'n hata so agus ní fada
do n-éiri’ sé chúm aníos an slataire(continues on next page)