Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0197](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0197.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0197
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Bhí san go maith is dh’imi’ sé air abhaile agus tháini’
sé ar maidin lar na mháireach agus tráthnúna
Dubhairt a’ bhean leis a’ gcailín a’ gabhar a bhí ansan amu’ nuair a bheach sí á chrú bheith á
dh’fhaire agus nuair a dhéunfach sé chuid uisge, é
chuir sa stán go gcimeádfach sí do’n ndochtúir é. Bhí san go maith agus ní raibh go h-olc.
Tháinig a’ dochtúir lar na mháireach agus
ghlaoghaig sé ar a’ gcailín chuin a chusóg a chuir ar chrocha agus thug sé síntiús maith dhi
ach:
"A dhochtúir," arsan cailín. "uisge
gabhair atá ’cí siúd, "agus duit-se tháim á dh’ínnsint anois" arsan cailín leis, "agus ná croch mé"
"Alright a chailín, , 'says' an dochtúir, "ní baol duit."
Chuai’ sé anáirdir dtí bean na leabtha is d’fhiafhrui’ sé dhi a’ gcinnibh sí ’n t-uisge is dubhairt sí do gcinnibh do raibh sé ansan
ach d’fhéuch sé ar a’ mbuidéal agus dubhairt sé go raibh dhá mhíonán ’n-a bolg is do
gcathfaí í dh’oscailt. Ach lig sí sgréuch(continues on next page)