Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)"Is mé raghaig," ar sisean.
Fuair sé na chúig phúint déug ag imeacht mar ná beach a’ garsún sásta gan é dh’fháil agus ma
dhin ní stad sé go chuai’ sé steach ’on chúirt agus do tháinig an feirimiúir agus d’úmpai’ sé ’n glas air. Do bhí sé ansan is gan éinne chuige
ná bhuaig ach é féin agus do bhí leabhairín beag ’n-a phóca agus thairrig sé chuige é i gcaitheamh na h-aimsire agus bhí sé féuchaint insa leabhar agus a’
breithniú air agus is ró-gheárr go gcualai’ sé an truist a’ titeam anuas go lár a’ tí.
" 'On Diabhal mo chroí," ar sisean, "go bhfuil rud éigineach a’ buint leis a’ dtig," ar sisean, "is ná féudfainn a dhéunamh amach," ar sisean, "tá muarán
ùtamalach ar siúbhal tímcheall a’ tí," ar sisean.
Is ró-gheárr gur mháirseáil chuige aníos an cholan agus gan aon cheann air agus do bhí sé as imeacht mór-tímcheall ar a’ ngarsún.
"Ombasa féin," arsan garsún, ar sisean, "do fuaireas-
sa féin," ar sisean, "mo dhóthain do lóisdín na h-oídhche d’fháil agus n’fheadar gud é’n réosún athá 'gat-sa," ar sisean, "ná ceapfá do shuaineas cómh(continues on next page)