Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)ar bórd is n’fheacadar aon duine a bhí chúig bliana déug."
"Mhuise gharsúin", adubhairt duine dos na táiliúirithe
"a’ mbéurfá a’ bádóireacht sinn ar fuaid a’ chuain agus túbharfaimíd scillin ó’n bhfear duit sé sin trí scilline?"
"Tá sé ró-bheag," ar sisean.
Tugaoíg dom dá scillín".
"Níl sé ’gainn", adubhairt ceann dos na táilliúirithe.
"Seadh déunfach mé," ar sisean.
Chuadar isteach ’on bád, triúr aca, báidín beag a b’eadh í ach bhí sí ana-dheas agus chuaidh an garsún amu’ ’n-a tosach agus bhí sé a’ rámhuíocht leis dtí go rabhadar lár a’ chuain.
"Bfearra dhúinn dul ar snámh anso," dubhairt a’ garsún.
"Níl aon tsnámh againn", adubhairt na táilliúirí.
Níor dhin a’ garsún ach a chuid éudaig a chaitheamh do agus chaith sé é féin ar chliathán a’(continues on next page)