Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)384
tráthnóna geóir tréis a bheith ag gearra
coirce ’n ndaingean aniar ’dir a deich
agus a h-aondéug a chlog agus bhí ’n capaillín
a’ sraotharthaig orainn fea’ a’ bhóthair
go dtí go dtánamair aniar go tig chonnai
an garathaig agus bhí ansan stúmpa cránach
ar thaobh a’ bhóthair róinn. Dubhairt cathaláin
dá mbean an fuir age féin go mbeach
sleais do’n fhuip fachta 'ci agus dubhart-sa
leis go mbfeárr gan í bac. Ambaiste
chuireamair soir a’ capall i slí eicínt agus
ní chuadhmair deich raghaine [ramhaine] nuair
a stad a’ capall aríst. Béigeant dúinn
teacht amach as a’ gcairt agus deabha orainn
a diarraig a’ chlaoí síos a chuir di.
Dmbasa chuadair aríst. bhíomair duiniúil ar
ndóthain
má chuadar ombaiste chaitheamair
a
teacht aríst níosa giorra agus caitheamair
a’ bhóthar a siúbhal léi go dtánamair dtí ’n
abhainn seo thiar. Ní raibh aon drochad an
uair sin ann, an abhainn sin thiar agus
’fhéudfach fiche fear a’ capaillín a chuir(continues on next page)