Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)inghean amháin aige agus ní raibh aon bhean ba
bhreághtha ná í lé fáil i n-aon tsaghas aite ach chuir a’ t-athair mar gheasa uirthe ná faghach éinne lé pós' í go dtí go
dtiocfach gaisciach a bhéurfach cloch mór a bhí i gcliathán na cúirte trí h-uaire mór-tímcheall na cúirte. Bhí gaisciaig a’ teacht
ós na h-aon thaobh do ’n domhan agus ambasa má bhí ní raibh éinne ’ca abalta ar a’
gcloch a bhreith tímcheall na cúirte. Bhí san do maith is ní raibh do h-olc agus bhuail
gabhairin giobalach giobógach a’ tslí lá agus do leath sé é féin ar a gcloith [gcloich] agus thóg
leis í agus thug leis timcheall a’ tí' trí h-uaire í.
"Is liom-sa t-ingean anois a Rí anóraig", ar sisean
agus sann a tháinig néul ar a’ Rí chuige a rá go bhfaghach gabhairín giobógach go deó inghean.
"Ach dubhairt an inghean, sin é do gheasa," ar sise, " agus tá sé déunta ’ge," ar sise, "agus pé scéul é," ar sise, "geód-sa leis anois."(continues on next page)