Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)Ó Gubháltha air go n-imi’ sé ó’n dtig an babhta so agus d’fhág sé an Gaduí Dubh ’n-a mbun. Thug
an leas-mháthair lá, glaoghaig sí ’steach ar a’ mac críona agus dubhairt sí leis an imireóch
sé clutha [cluiche] cártaí.
"Imireod a leas-mháthair agus míle fáilte."
D’imiríodar clutha cártaí agus má dh’imiríodar bhuaig a’ leas-mhac.
"Beir do bhreith anois," arsan leas-mháthair, ar sise.
"Beir do bhreith anois",
"Déunfad cheana mhuise a leas-mháthair," ar seisean. "Túbhair trí buidéil fíon chúghainn.
Thug sí léi na trí buidéil fíon agus d’imiríodar arís agus bhuaig a’ leas-mháthair agus
má bhuaig.
"Beir do bhreith anois," arsan leas-mhac leis an leas-mháthair.
Ní beag 'uit a luatha," ar sise
"Ní beag ’uit a luatha," ar sisean
"Cuirim mar cheist agus mar bhreith," ar sisean "agus mar dheasa droma(continues on next page)