Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0579](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0579.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0579
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)575
"Ní thuisge sin ná bhí a dhrom age ’n seanduine
aríst lé na sgaoíl tomás anuas aríst carraig
leile air agus phreab sé as a thorp agus seo go dtí ’n
seana-bhean é agus dhíríonn siad fhéin ar a chéile
agus ní chualaoís riamh ar fé fuaidh a’ domhain
a leithéid do bhabhta ach mar bhí age m’ beirt
ach ruth a’ seanduine ar a’ gcraim go
raibh tomás anáirde ann is bhuin sé fuip as
is chuir sé tomás is dócha dhá míle ó bhaile
o’n gcrann nuair a bhuin sé fhuip as. Dhíri’
sé ar a’ seana-bhean leis a’ gcran is
dhírig a’ tseana bhean air ach bhí tomís a’
chuir do a’ teacht tréis é chuir chómh fada ó
bhaile go dtí gur tháini’ sé ach go h-áirithe agus
nuair a tháini’ sé ní raibh insa bheirt ach
a’ rá go raibh an dé únta iad fhéin marbh
age na chéile. Tháini’ sé chúcha lé na spéil
mbaist is níor fhág sé aon luid dóibh
lúidín a gcoise go millach a gcínn ná do
gcuir sé gearra do ’n spéil únta agus d’fhág
iad is seo bhaile chuin na cúirthe é
ansan
"Ó mhuire mháthair," arsa maistir na cúirthe.(continues on next page)