Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)bhí sé istig i seómara agus é clúdaithe leis na h-aon tsórt
ní 'ach nocht sí a chois do
Má Cliogóid.
"Agus anois," ar sise lé Má Cliogóid, ar sise, "nuair a
raghair isteach mara dtúbharfair a’ cluíomh soluis ar a’ gcéad iarracht leat," ar sise, "níl aon
dul agat ar é thúbhairt leat go deó. Ní thúbharfach a’ bhfuil do ghaisciaig sa dúthaig a’
cluíomh soluis leó mara dtúbharfai’ siad leótha
do’n gcéad iarracht é," ar sise.
"Déunfai’ mé mo dhicheall," arsa Má Cliogóid, ar seisean.
D’imi’ sé ’steach ach go h-áirithe agus ’on diabhal do nár rug sé ar chos an Chluíomh Soluis
agus ’on dian do nár thug sé leis d’aon iarracht amháin é agus ní thúisge sin ná dhin sé
béic mhór agus má dhin.
"Bí ar mo dhrom," arsan braimithín goibalach, ar sise,
"go mear," ar sise.
Bhí sé ar a’ dhrom ach go h-áirithe ar an mbraimithín giobalach agus má bhí:
"Féuch i d’diaig," ar sise, "féuch cú tá ár ndiaig " ar sise.,(continues on next page)