Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)"Seadh," ar sisean, "sid í miúil Hannifín na Muirí agus," ar sisean, "is fada mé a’ faire uirthe mar is mú ghreim dom’ chuid atá ithte 'cí agus n’fhéudach sí buala liom oidhche níosa feárr agus túbharfaig abhaile ar mo
thoil mé go dtí tig a’ phósta."
Dh’imi’ sé suas fé na déin agus má dh’imig ombaite do bhí sí a’ gáil anuas fé na dhéin agus stop sí as a choinne ’mach.
"Seadh," ar sisean, "cabhair Dé chúgham ó's is mithid duit a’ mhaitheas a dhéunamh orm tréis abhfuil ithte riamh do m’ chuid agat", mar bhí an diabhal lé braduí ar a’ miúil agus ní raibh
aon talamh age Hannifin fhéinig chuin í chimeád ann.
Thug sé fé dul ar a druím ach má thug do bhí an fear bocht ró-mhór ar dig agus do thuit sé agus do thug sé fúithe an tarna
h-uair ach n’fhéudfach sé dul ’n-a drom.
"Go mbeiri’ ’n diabhal bhuam thú," ar sisean, "is seana a bhei’ mé gan aon tsíob in aochor
sa deire thiar agat, agus lé na línn sin cad a dhin an mhúil ná dul an a leath- ghlúin(continues on next page)