Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)nuair a chuadhas amach go dtí m’ beart ní raibh aon rud im beart ach feamacha móra trá
agus chaitheas síne siar sa chúinne agus sin é ’n ciall nár thána-sa anso 'ndé".
Mhair sé sin dhá bhliain agus céud agus bhíos-sa a’ ligeant súgán san bhuaig sin timcheall lé deich mbliana fichead ó shoin. Bhíos a’ ligeant súgán
a’ lá céadhna go raibh sé rá ’n sgéil agus sin í 'n cheárd a bhí ’ge a’ ligeant na súgán sara dtáinig na súgáin seo amach.
Súgáin tuí bhíoch ann agus dh’fhaghach sé scillín is ló is búire tobac agus ní thug
sé aon oídhche riamh ’n-a chodla ’n-a leabaig fhéinig ach ag imeacht mar seo
i n-éanach leis na daoíne maithe.