Volume: CBÉ 0441 (Part 1)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)dubhshlán é sin a dhéanamh, seo duit an naipicín seo agus craiteadh tú é, tiocadh an fear mór ar t-aghaidh agus fiafróchaidh sé duit céard atá uait, abair leis gon cleith ná sgolb a fhágáil ós cíonn an chaisleán le buille leagan do shúil. Ní túisge a bhéas ráidte na déanta agus rithidh m'athair le faitchíos, tá slát aige agus níl air ach é a leagaint air an uisge agus déanadh sé bóthar dhó h-fhéin amach as an oileán, briseadh sé an bóthar na dhiaidh. Sé dhuit-se an t-slat seo agus leagad tú h-fhéin air an uisge í agus deanad sé bóthar amac as an oileán dhuit."
D'imthigh an bhean óg abhaile agus tárla chuile shórt mar dubairt sí. Tháinic Ridire na Coille Glaise isteac ar an oileán agus thaithnigh an cúirt agus an Caisleán an mhór leis agus thosaigh sé ag moladh na h-oibre "Mara gcoinigh tú do bhéal dúinte" adeir Mac a Rí "ní fhágad mé cleit na sgolb ós a chíonn". "Se do dubhshlán(continues on next page)