Volume: CBÉ 0441 (Part 1)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)mbéid sí ad air úair a dhó dhéag, béidh an ceánn le cailleadh ad." D'imhthigh an Ridire abhaile. Rug mac Rí i nÉirinn air phíce agus thosaigh sé ag caitheadh amach an aoileach. Níl aon lánn a phíce dhá gchaitheadh sé amach nach dthiocach a dhá lán isteach air aghaidh arist. Ba geárr go raibh an stábla lánn le aoileach.
Dubhairt an bean óg go raibh sé n'ám creim dinnéar a thabhairt go Mhac Rí i nÉirinn "má tá an cás sin ad dhó" adeir an mháthair léithe "tabhair cuide gon arán donn agus an bhlághach géar atá annsinn aige." S'feárr é sin h-féin" adeir an ingean "na putogaí follamh". Bhí an béillí a bfheárr a bhí sa teach réidhtigh aice le tabhairt ag mac Rí i nÉirinn. Núair a táinic sí go dtí mac a Rí bhí a cloigeann amuigh thrí mullac an stábla le go raibh go aoileach ann. "Sgread a bhainne ort a amadan" adeir sí "nar dhubhairt me leat(continues on next page)