Volume: CBÉ 0441 (Part 1)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0072](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0072.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0072
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- Amadán Dhoire-BhrusgBhí baintreach annseo i nÉirinn fadó agus má bhí choidhcheann is go raibh chníochnuigh Dia léithe go raibh aon mhac amháin aice agus sórt leath-chéann go bhúachaill óg a bhí ann agus bhí siad fior-bhoct. Dhéanadh an t-amadán rud ar bith a déiridh an mháthair leis. Chuaidh an t-amadán lá amháin ag bainnt beairtín fraoigh agus ar a theacht abhaile do leis an mbeairtín fraoigh casadh snáthad mhór dhó, leag sé dhe an bheairtín fraoigh ag chur sé an snáthad mhór isteach ánn. Núair a tháinic sé abhaile leis an mbeairtín fraoigh dubairt se le na mháthair go bhfúair sé snáthad mhór, "béidir go bhfeilid sí uaith le piosa a fhúagail ar mo chuir éadach" adeir sé leis an mháthair "Cáil sí a stór" adeir an máthair. "Tá sí istigh sa mbeairtín fraoig" adeir sé. "Sgread a bhainne ort, a amadán" adeir sí "nach bhfuil fhios ad nac bhféidid(continues on next page)