School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gob an Choire (Clochar)
- XML Page 243
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chaith an gasúr an sagart san uisge agus dubhairt sé "Má tá an diabhal orm anois ní bhéidh sé orm níos mó. Shíl an gasúr gurbh é an sagart an diabhal a bhí air (ar a dhruim). Bhí an sagart ag iarraidh cur i gcéil do'n ngasúr gur cleasaidhe bhí ann ach ní hé an míniú céadhna a bhain an bheirt as
"Tá an diabal ort"
Na dhiaidh sin chuaidh an gasúr go teach pobail agus chuaidh sé isteach ar inntinn faoisdin d'fágháil. Chuaidh sé isteach chuig an t-sagairt agus d'innis sé faoi'n chorp. Annsin dubhairt sé leis an sagart go raibh fhios aige áit 'na raibh pota óir. Bhí go maith bhí fhios ag an ngasúr nach n-abhrochadh an sagart tada leis nuair a d'innis sé fao'n ór. Dubhairt an sagart leis an ngasúr gan innsint do dhuine ar bith fao'n bpota óir. 'Na dhiadh sin thug an sagart an gasúr leis go dtí a theach agus thug sé féasta dhó. Is cosamhail gur shíl an sagart go bhuigheadh sé chuid de'n ór. Nuair a bhí an féasta thart d'iarr an sagart ar an ngasúr innsint dhó cé'n áit 'na raibh an tór. Bhoil anois arsa an gasúr tusa an duine an dubhairt liomsa gan innsint do dhuine ar bith cé'n áit 'na raibh an t-ór. Coinnneóchaidh mise mo gheallamhaint. Nuair a chuala an(continues on next page)- Collector
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Gender
- Male
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Informant
- Eibhlín Ní Ghallchóbhair
- Gender
- Female
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo